Bhí obair mhór le baint na móna acu i mBun an Inbhir. Chomh luath agus a bhí na préataí deireanacha curtha san Earrach bhí siad ar shiúl le spád le toiseacht ag lomadh na mbachtaí. Cur síos ar an am a chaitheamh siad ag déanamh seo. Ag déanamh tae le uisce as na bachtaí. Bhí dhá fhear, fear ag gearradh agus fear a cur amach. Thiontaíodh amach ansin í. Nuair a bhí tirim thugadh na beithígh anuas í go Curransport, dhá scilling a lód le í a thabhairt anuas, tippáladh síos leis an bhinn í, thugtaí siad cois na trá í le í a thabhairt isteach an oileáin. Bhí sí le tabhairt as an bhád ansin istigh agus le tabhairt na tíre. Bhí trioblóid agus obair iontach léi. | 00:05:04 | |